Conair Stairiúla Chlann Uí Mhainnín
D'fhorbair Cumann Chlann Uí Mhainnín, Gaeilge Locha Riach agus Comhairle Chontae na Gaillimhe an chéad MapaScéala digiteach dátheangach sa tír de Chonair Stairiúla Chlann Uí Mhainnín a théann ar turas tríd na háiteanna tábhachtacha agus stairiúla in Oirthear na Gaillimhe a bhaineann le Clann Uí Mhainnín.
Agus mioneolas á bhaint as foinsí éagsúla meánaoiseacha amhail annála agus ginealaigh Ghaelacha, taifid eaglasta, agus filíocht agus prós na mbard, tagann íomhá bheoga chun solais sa MapaScéala seo a leanas de bhunús chlann Uí Mhainnín, agus den ghnáth-ról a bhí acu mar ríthe, mar ghaiscígh agus mar chinn fine ar chríocha dúchais Mhuintir Shoghain as Oirthear na Gaillimhe. Tá an tionscadal seo ar cheann de roinnt bearta atá á n-úsáid ag Cumann Chlann Uí Mhainnín, a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige stair ar leith agus oidhreacht chultúrtha agus seandálaíochta mhuintir ársa Oirthear na Gaillimhe seo a chaomhnú, a chur chun cinn agus a bhuanú.
Taispeánann an MapaScéala 21 suíomh a bhfuil ábhair oidhreachtaí spéisiula bainte leo. Bá bhreá linn an stair fhada agus spéisiúil seo atá ag Clann Uí Mhainnín a roinnt leat. Tugann muid cuireadh daoibh an MapaScéala a thaiscéaladh agus oidhreacht na Clainne agus Oirthir na Gaillimhe a nochtadh.
Brúigh ar an gcnaipe faoin bpictúir chun tús a chur le do thuras.