
FÉILE RAIFTEIRÍ 2026
9ú-11ú DEIRDEADH FÓMHAIR
File agus ceoltóir Gaelach a bhí in Antaine Ó Raifteirí a rugadh ag deireadh an 18ú haoise i gCoillte Mach i gContae Maigh Eo. Sin ráite, chaith sé an chuid is mó dá shaol ag spaisteoireacht thart sa chomharsanacht ar an Eachréidh in Oirthear na Gaillimhe. Is iomaí áit sa cheantar mórthimpeall luaite aige ina chuid dánta. Tá sé curtha i reilig Chill Fhínín, gar do Chreachmhaoil. Is ansin a tháinig móruaisle liteartha le chéile in 1902 le ceiliúradh a dhéanamh ar a shaol agus a shaothar don chéad uair 120 bliain ó shín. Sa lá atá inniu ann, ní hamháin go gcuimhnítear ar na hamhráin is ar na dánta a chum sé ach déantar comóradh ar na tréithe ildánacha bainte leis an gcarachtar clúiteach seo le linn Fhéile Raifteirí go fóill.
Chuige sin, bhíFéile Raifteirí 2026 ar siúl ó Dé hAoine 9 Deireadh Fómhair go dtí Domhnach 11 Deireadh Fómhair. Mar is iondúil, bhí comórtais filíochta eagraithe do dhaoine, idir óg agus aosta. Bhí neart imeachtaí eile eagraithe le freastal ar réimse spéise éagsúla san fhéile i mbliana.
Comhghairdeas ollmhór lenár mbuaiteoirí iontacha sa chomórtas filíochta i mbliana! Bhí an oiread sin tallainne le feiceáil — buíochas mór le gach duine a ghlac páirt agus a roinn a gcuid filíochta álainn linn.
Rannóg A - aithriseoireacht: Laoise Ní Ghréacháin agus Fáinín Ní Ghréacháin
Rannóg B - daltaí bunscoile: Etain Breathnach
Rannóg C - daltaí meánscoile: Max Ó Donnchú
Rannóg D - daoine fásta: Aingeal Ní Chualáin
Míle buíochas as gach duine a chabhraigh linn gach rud a chur i gcrích go háirithe ár moltóir agus aoi speisialta i mbliana Aifric Mac Aodha







