Gaelbhratach

Cuireann Gaeilge Locha Riach tacaíocht ar fáil do scoileanna an cheantair i gcomhpháirtíocht leis an scéim Gaelbhratach, atá á reáchtáil ag Gael Linn.

An rud atá i gceist le Gaelbhratach, ná gur scéim spreagtha atá ann. Tá Gaelbhratach ar an bhfód le níos mó ná 10 mbliana anuas anois. Faoin stad seo, tá os cionn 300 scoil tar éis a bheith páirteach sa scéim agus os cionn 100,000 dalta faoina tionchar.

Ag an iar-bhunleibhéal, bronntar Gaelbhratach ar scoileanna rathúla tar éis bliain scoile amháin a bheith caite acu ag glacadh na gcéimeanna riachtanacha. Is é ceann de chroíspriocanna na scéime ná na daltaí agus na múinteoirí a chumasú chun gníomhú go héifeachtach agus go neamhspleách leis an teanga a úsáid agus a chur chun cinn sa scoil agus lasmuigh den seomra ranga Gaeilge go háirithe.

I mBaile Locha Riach, tá Coláiste Naomh Bríd agus Coláiste Naomh Rafaíl ag glacadh páirte sa scéim i mbliana.

Image

Cuntas Scoláire ar Turas go hInis Oírr
Image

Mar chuid den scéim Gaelbhratach, agus le tacaíocht ó Ghaeilge Locha Riach, chuaigh an rang Ardteiste, Coláiste Naomh Bríd, ar thuras go dtí Inis Oírr.

Eagraíodh an turas chun an deis a thabhairt do na daltaí blaiseadh a fháil de shaol agus cultúr oileáin Oírr.

Chuaigh draíocht agus áilleacht na háite go mór i bhfeidhm ar an rang.

An chéad rud a rinneadh ná dul an ‘Plassy’ an sean longbhriseadh cailiúil chun é a fheiceáil. Ina dhiaidh sin, chonaic na daltaí an sean Eaglais a bhí go tóin poill. D’fhoghlaim na daltai faoin stair atá ag baint leis an Eaglais. Cheap na daltaí go raibh an chaint chomh suimiúi agus spreagúil.

An rud deireanach a rinneadh ná cuairt a thabhairt ar an Sean Túr a bhí ar airde a bhí dochréidte.

Tar éis am lóin, chuaigh cuid de na daltaí go dtí an trá chun a scíth a ligint agus chuaigh roinnt daltaí eile ag snámh.

Thapaigh roinnt buachaillí an deis chun eitpheil a imirt ar an trá.

Rud amháin a thug na daltaí faoi deara ná an pobal dlúth.Tá aithne ag duine ar a chéile ar an oileán.

Rud eile a chuaigh i gcion ar na daltaí ná go raibh Gaeilge le cloisteáil i ngach cúinne den oileán-sna siopaí , ar an trá ,agus na daltaí ag teacht abhaile ón scoil –Bhí sé dochréidte amach is amach.

Ach thar aon rud eile, an rud ba mhó a thug na daltaíi faoi deara ná go raibh Gaeilge á labhairt mar theanga bheo, í fite fuaite le saol mhuintir an oileáin.

Image