Club Leabhar CLEAS

Leabhar mhí na Bealtaine - An Saol Sona le David Foenkinos, arna aistriú go Gaeilge ag Máirín Ní Mhárta

Colscartha óna bhean, caidreamh ar éigean aige lena mhac, ní thuigeann Éric cén chaoi a ndeachaigh a shaol amú air oiread. Léas solais atá i ndeis nua oibre, a cheanglaíonn arís é le seanchara scoile agus a thugann go cathair Seoul é, ach ní mhaireann an solas sin i bhfad. Tógfaidh sé eispéireas as an ngnáth le cabhrú le Éric na rudaí tábhachtacha sa saol a aithint…

Údar: David Foenkinos

Dáta Foilsithe: 2025

Image
Cruinnithe

Buaileann ár gclub leabhar lena chéile an Chéadaoin dheireanach de chuile mhí ag 20:00 in Oifig Ghaeilge Locha Riach agus beidh an chéad chruinniú eile den chlub ar 10 Meitheamh. Bíonn cóipeanna de na leabhair atá á léamh ag an gclub ar fáil ar iasacht ón oifig.

Bíonn fáilte roimh bhaill nua i gcónaí agus is féidir leat a chlárú tríd an bhfoirm thíos chun a bheith curtha ar an eolas faoi imeachtaí an chlub leabhar.





    Ar mhaith leat go gcoinneodh muid ar an eolas tú faoi imeachtaí eile a bheas ar siúl ag Gaeilge Locha Riach?