
COMÓRTAS FILÍOCHTA FHÉILE RAIFTEIRÍ 2025
Comhghairdeas ollmhór lenár mbuaiteoirí iontacha sa chomórtas filíochta i 2025! Bhí an oiread sin tallainne le feiceáil — a bhuíochas mór le gach duine a ghlac páirt agus a roinn a gcuid filíochta álainn linn.
Rannóg A: aithriseoireacht: Isla Ní Fhuada agus Michael Ó Dónalláin (Gaelscoil Riabhach)
Rannóg B - daltaí bunscoile: Aaila Azraai (Gaelscoil Riabhach)
Rannóg C - daltaí meánscoile: Ellen Keane Keady (Coláiste na Choiribe)
Rannóg D - daoine fásta: Cúán de Búrca





- Tá dhá comórtas i Rannóg A oscailte do dhaltaí bunscoile i:
- Rang 1&2
- Rang 3&4
- Glacfar le huasmhéad do bheirt ó gach scoil.
- Iarrtar ar scoileanna comórtais in-scoile a eagrú chun beirt a roghnú ar son na scoile.
- Ní mór don iomaitheoir comhrá beag a dhéanamh agus ansin píosa filíochta a aithris.
- Ní mór dóibh saibhreas Gaeilge a léiriú i gcaint rithimiúil, chruinn, líofa a rachaidh i bhfeidhm ar an gcomhluadar.
- Beidh dhá nóiméad ag chuile iomaitheoir agus is faoin iomaitheoir a bheidh sé a chinntiú nach sáróidh sé/sí an teora ama.
- Ní gá go mbeadh an filíocht nua-scríofa.
- Ní mór do mhúinteoirí ainmneacha na n-iomaitheoirí, chomh maith le sonraí teagmhála an mhúinteora a sheoladh chuig it@gaeilgelochariach.ie roimh 18.00 Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2026
- Beidh an comórtas ar siúl ar maidin bhronnta na ngradam ar 10 Deireadh Fómhair 10:00 i mBaile Locha Riach.
- Tá rannóg B den chomórtas oscailte do dhaltaí bunscoile
- Is é téama an chomórtais i mbliana ná ‘An Chuimhne’ agus tá fáilte roimh dhánta Gaeilge a bhaineann leis an téama sin.
- Ní mór do mhúinteoirí 5 dhán a roghnú as chuile rang agus na dánta, chomh maith le sonraí teagmhála an mhúinteora, a sheoladh chuig it@gaeilgelochariach.ie roimh 18.00 Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair
- Fógrófar an gearrliosta don ghradam ar 5 Deireadh Fómhair.
- Fógrófar na buaiteoirí agus reáchtálfar maidin bhronnta na ngradam ar 10 Deireadh Fómhair 10:o0 i mBaile Locha Riach.
- Tá deis ag na hiomaitheoirí málaí féiríní a bhuachan.
- Tá rannóg C den chomórtas oscailte do dhaltaí meánscoile
- Is é téama an chomórtais i mbliana ná ‘An Chuimhne’ agus tá fáilte roimh dhánta Gaeilge a bhaineann leis an téama sin.
- Más múinteoir scoile thú, ní mór duit 5 dhán a roghnú as chuile rang agus na dánta, chomh maith le sonraí teagmhála an mhúinteora, a sheoladh chuig it@gaeilgelochariach.ie
- Más duine aonair thú, is féidir leat d'iontráil a sheoladh chuig it@gaeilgelochariach.ie chomh maith le do shonraí teagmhála. Is é dán amháin an t-uasmhéid a ghlacfar ó iarrthóir aonair ar bith.
- Is é spriocdháta an chomórtais ná 18.00 Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2026
- Fógrófar an gearrliosta don ghradam ar 5 Deireadh Fómhair.
- Fógrófar na buaiteoirí agus reáchtálfar maidin bhronnta na ngradam ar 10 Deireadh Fómhair 10:00 i mBaile Locha Riach.
- Dearbhán le buachaint!
- Ní mór gach iontráil a bheith ina saothar úrnua de chuid an iarrthóra féin agus ní mór nár foilsíodh cheana í ach an oiread, bíodh sé sin sna meáin nó féin-fhoilsithe.
- Caithfidh na dánta a bheith scríofá ar an téama ‘An Chuimhne’.
- Dán amháin, nach bhfuil níos mó na 30 líon, an t-uasmhéid a ghlacfar ó iarrthóir ar bith. Is gá foirm iontrála a chomhlíonadh dó.
- Ní mór d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir theagmhála agus/nó do sheoladh ríomhphoist a scríobh ar an bhfoirm iontrála, mar aon le teideal an dáin.
- Ná cuir d’ainm ná aon sonraí pearsanta eile ar an leathanach/na leathanaigh a bhfuil an dán scríofa orthu.
- Ní mór do dhaoine a n-iontráil agus a bhfoirm iontrála (Doiciméad Word nó PDF) a sheoladh chuig it@gaeilgelochariach.ie roimh 18.00 Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair 2026
- Seasfaidh gach rogha agus cinneadh a dhéanfaidh na moltóirí agus níl cead aon teagmháil ná cumarsáid a dhéanamh leo maidir lena gcinntí.
- Fógrófar an gearrliosta don ghradam ar an 5 Deireadh Fómhair.
- Fógrófar na buaiteoirí agus reáchtálfar maidin bhronnta na nGradam ar an 10 Deireadh Fómhair.
- Má chuirtear isteach iontráil, glacfar leis go nglacann an t-iarrthóir le rialacha agus coinníollacha an chomórtais.
- Tuilleadh eolais ag: it@gaeilgelochariach.ie


