Club Léitheoireachta

Tá Gaeilge Locha Riach ag cur tús le Club Léitheoireachta, a bheas dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta.

Cuirfear tús leis an gclub seo Dé Luain 14 Samhain 2022, ag 6i.n. in Oifig Ghaeilge Locha Riach.

Mar gheall gur dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge a bheas an club seo, ní bheidh na leabhair Ghaeilge ró-dheacair agus beidh siad feiliúnach don leibhéal Gaeilge atá ag chuile dhuine sa gclub.
Má tá suim agat a bheith linn, is féidir clárú ach an fhoirm seo thíos a líonadh:




    Ar mhaith leat go gcoinneodh muid ar an eolas tú faoi imeachtaí eile a bheas ar siúl ag Gaeilge Locha Riach?