Campaí Samhraidh Ghaeilge Locha Riach
Tá taithí scór bliana ag Gaeilge Locha Riach ar champa Gaeilge a reachtáil i mBaile Locha Riach. An samhradh seo beidh na campaí i nGaelscoil Riabhach arís. Beidh neart gníomhaíochtaí ar siúl sna campaí seo, idir ceol, amhránaíocht, damhsa, spórt, ealaín, agus go leor eile! Is í an Ghaeilge teanga na campaí agus feileann na campaí do pháistí a bhfuil Gaeilge acu.
Beidh Campa Locha Riach ar siúl ó 27/ Iúil - 7 Lúnasa i nGaelscoil Riabhach, agus bíonn an campa seo feiliúnach do pháistí ó 7 - 13 bliana d'aois (Ní mór do pháistí Gaeilge a thuiscint agus a labhairt). Chun tuilleadh eolais a fháil ar Champa Locha Riach agus chun do phaiste(í) a chlárú don champa cliceáil ar an cnaipe sa mbosca buí thíos.
Beidh Campa Spraoi Locha Riach ar siúl ó 17 - 21 Lúnasa i nGaelscoil Riabhach, agus bíonn an campa seo feiliúnach do pháistí ó 4 - 6 bliana d'aois. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Champa Spraoi Locha Riach agus chun do phaiste(í) a chlárú don champa cliceáil ar an cnaipe sa mbosca gorm thíos.
Campa Locha Riach
Áit: Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach
Dátaí: 27 Iúil - 7 Lúnasa 2026
Aois: 7 – 13
Campa Spraoi Locha Riach
Áit: Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach
Dátaí: 17 - 21 Lúnasa 2026
Aois: 4 – 6


