Cruinniú Cinn Bliana


Image

Is í an príomhsprioc atá ag an eagraíocht ná an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail i mBaile Locha Riach chomh maith le Plean Teanga Bhaile Locha Riach a chur i bhfeidhm, agus tá cúnamh an phobail ag teastáil uaidh Ghaeilge Locha Riach chun na spriocanna sin a bhaint amach.

Ar an oíche, beidh deis ag an bpobal eolas a fháil ar na hiarrachtaí an Ghaeilge a neartú i mBaile Locha Riach go dtí seo, deis casadh le daoine, agus deis a bheith rannpháirteach i dtionscadail Ghaeilge Locha Riach. Chomh maith leis sin, beidh plé againn ar thodhchaí an Phlean Teanga.

Bígí linn do CCB Ghaeilge Locha Riach ar an Céadaoin 13 Bealtaine ag 7:30in san Ionad Acmhainní Teaghlaigh. Fáilte roimh chuile dhuine idir Gaeilgeoirí agus Béarlóirí agus beidh sóláistí curtha ar fáil.