
FÉILE RAIFTEIRÍ 2026
9ú-11ú DEIRDEADH FÓMHAIR
File agus ceoltóir Gaelach a bhí in Antaine Ó Raifteirí a rugadh ag deireadh an 18ú haoise i gCoillte Mach i gContae Maigh Eo. Sin ráite, chaith sé an chuid is mó dá shaol ag spaisteoireacht thart sa chomharsanacht ar an Eachréidh in Oirthear na Gaillimhe. Is iomaí áit sa cheantar mórthimpeall luaite aige ina chuid dánta. Tá sé curtha i reilig Chill Fhínín, gar do Chreachmhaoil. Is ansin a tháinig móruaisle liteartha le chéile in 1902 le ceiliúradh a dhéanamh ar a shaol agus a shaothar don chéad uair 120 bliain ó shín. Sa lá atá inniu ann, ní hamháin go gcuimhnítear ar na hamhráin is ar na dánta a chum sé ach déantar comóradh ar na tréithe ildánacha bainte leis an gcarachtar clúiteach seo le linn Fhéile Raifteirí go fóill.
Chuige sin, beidh Féile Raifteirí 2026 ar siúl ó Dé hAoine 9 Deireadh Fómhair go dtí Domhnach 11 Deireadh Fómhair. Mar is iondúil, tá comórtais filíochta eagraithe do dhaoine, idir óg agus aosta. Tá neart imeachtaí eile eagraithe le freastal ar réimse spéise éagsúla san fhéile i mbliana.







