Comórtas Ghrianghrafadóireachta na nÓg 2024

Cuireann sé gliondar ar Ghaeilge Locha Riach agus ar Chlub Grianghrafadóireachta Bhaile Locha Riach Comórtas Grianghrafadóireachta na nÓg 2024 a fhógairt libh agus cuirfear fáilte roimh dhéagóirí idir 13 agus 18 as Oirthear na Gaillimhe a bheith páirteach sa gcomórtas.

Bronnfar duaiseanna ar na trí ghrianghraif is fearr, dearbhán €200 ón Galway Camera Shop don chéad áit, dearbhán €100 ó Chló Iar-Chonnacht don dara háit agus dearbhán €50 One-For-All don tríú háit.

Is é spriocdháta an chomórtais ná 16:00 Dé Céadaoin, 13 Márta, 2024. Fógrófar an buaiteoir ar mheáin shóisialta Ghaeilge Locha Riach idir 15 – 16 Márta 2024.

Tá an bhileog eolais le rialacha ginearálta an chomórtais ar fáil thíos, chomh maith leis an bhfoirm iontrála/scaoilteacht.