RANGANNA ULLMHÚCHÁIN DO SCRÚDUITHE TEG AGUS HIBERNIA
Gaeilge le Gliondar
Tá Máire Ní Lionnáin ag múineadh Gaeilge le níos mó ná tríocha bliain anuas agus tá suim ar leith aici i gcruinneas na teanga. Rinne Máire dianchúrsa ullmhúcháin i gcruinneas na teanga le Gaelchultúr sa mbliain 202 agus is scrúdaitheoir í le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Tá tuiscint agus léargas thar na bearta ag Máire ar churaclam dara leibhéil na Gaeilge mar gheall ar an taithí atá aici ag marcáil na bpáipéirí scrúdaithe. Ina theannta sin, is scrúdaitheoir béil sa nGaeilge í Máire freisin agus léargas den chéad scóth aici ar mharcáil an scrúdú cainte sa nGaeilge.
Cuireann Máire ranganna ullmhúcháin do scrúduithe TEG agus Hibernia ar fáil do mhúinteoirí i mBaile Locha Riach chomh maith le Gort Inse Guaire.
Sna ranganna:
- Cuirtear ranganna agus nótaí cuimsitheacha d’ardchaighdéan ar fáil dóibh siúd a bhfuil ag tabhairt faoin na scrúduithe sin.
- Múintear pointí Gramadaí ina measc, An Tuiseal Ginideach agus An Chopail.
- Déantar ciorcail comhrá idirghníomhacha sa rang chun teanga labhartha na mac léinn a chur chun cinn.
- Is féidir le mic léinn scrúdú Béil Trialach a dhéanamh roimh na scrúduithe.
- Tugtar aiseolas cuimsitheach don mhac léinn ag an deireadh.
Má tá suim agat páirt a ghlacadh sna ranganna, líon an fhoirm thíos isteach chun teagmháil a dhéanamh leis an múinteoir.