Image

FÉILE RAIFTEIRÍ 2024

4ú-20ú DEIRDEADH FÓMHAIR 

File agus ceoltóir Gaelach a bhí in Antaine Ó Raifteirí a rugadh ag deireadh an 18ú haoise i gCoillte Mach i gContae Maigh Eo. Sin ráite, chaith sé an chuid is mó dá shaol ag spaisteoireacht thart sa chomharsanacht ar an Eachréidh in Oirthear na Gaillimhe. Is iomaí áit sa cheantar mórthimpeall luaite aige ina chuid dánta. Tá sé curtha i reilig Chill Fhínín, gar do Chreachmhaoil. Is ansin a tháinig móruaisle liteartha le chéile in 1902 le ceiliúradh a dhéanamh ar a shaol agus a shaothar don chéad uair 120 bliain ó shín. Sa lá atá inniu ann, ní hamháin go gcuimhnítear ar na hamhráin is ar na dánta a chum sé ach déantar comóradh ar na tréithe ildánacha bainte leis an gcarachtar clúiteach seo le linn Fhéile Raifteirí go fóill.

Chuige sin, beidh Féile Raifteirí 2024 ag tosú Dé hAoine 4 Deireadh Fómhair agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an Domhnach 20 Deireadh Fómhair. Mar is iondúil, tá comórtais filíochta eagraithe do dhaoine, idir óg agus aosta.

Chomh maith leis sin, beidh ceardlann filíochta le Laoighseach Ní Choistealbha, léacht speisialta ar thraidisiún na nAislingí leis an Dr. Philip Fogarty, seó ar ‘Stair na Filíochta’ le Cantairí Chonamara, chomh maith le ceol agus damhsa le Becky Ní Éallaithe agus cairde againn i mbliana. Tá neart imeachtaí eagraithe le freastal ar réimse spéise éagsúla san fhéile i mbliana agus ba mhaith le Gaeilge Locha Riach fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh an phobal a bheith linn. Tá eolas faoi na himeachtaí, na haíonna, agus an comórtas filíochta ar fáil thíos.