
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil páirt-scoláireachtaí againn i mbliana le bronnadh ar dhaoine fásta chun freastal ar chúrsa Gaeltachta i rith an tsamhraidh.
Tá na scoláireachtaí seo dírithe ar dhaoine fásta as Baile Locha Riach amháin.
Cuirfidh na páirt-scoláireachtaí seo maoiniú ar fáil do dhianchúrsa leis an Acadamh in Ollscoil na Gaillimhe sa Cheathrú Rua ar Chúrsa B: 22/06/2026 – 26/06/2026.
Spriocdháta: Dé Máirt 28ú Aibreán @12:00i.n.
Tuilleadh eolais: Scoláireachtaí Gaeltachta do Dhaoine Fásta 2026 | Gaeilge Locha Riach
naoise@gaeilgelochariach.ie
Tuilleadh Imeachtaí

Ciorcal Chomhrá Nua
Da bharr éileamh, beidh Ciorcal Comhrá nua ag tarlú i mBaile Locha Riach ar Déardaoin 19 Márta 7-8:00in, Oifig Ghaeilge Locha Riach, Sráid Uí Cheallaigh.

Ceol na Céadaoine
Bígí linn ar an gcéad Chéadaoin i Mí Bealtaine le haghaidh Ceol na Céadaoine. Fáilte roimh chách!

Club Leabhar
Ag plé ‘An Grá Riabhach’ le Biddy Jenkinson, 26/04/2026 in Oifig Ghaeilge Locha Riach H62 C860 @8:30pm. Bígí linn!

Cuairt ar Fheirm an Tuair Rua le Teanga Tí
Dé Domhnaigh 26ú Aibreán @11:00
Déan teagmháil le hAoife ag aoifenic@glornangael.ie


