Tionól Poiblí

Image

Cur chun chinn na Gaeilge mar theanga phobail i mBaile Locha Riach

Tá Gaeilge Locha Riach ar an bhfód beagnach cúig bhliana fichid agus is í an príomhsprioc atá ag an eagraíocht ná an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail i mBaile Locha Riach chomh maith le Plean Teanga Bhaile Locha Riach a chur i bhfeidhm, agus tá cúnamh an phobail ag teastáil uaidh Ghaeilge Locha Riach chun na spriocanna sin a bhaint amach.

Mar sin, tá sé i gceist ag an eagraíocht tionól poiblí a reáchtáil chun deis a thabhairt de phobail Bhaile Locha Riach agus Oirthir na Gaillimhe ionchuir a bheith acu ar na tosaíochta ó thaobh na Gaeilge a fhás, a fhorbairt agus a fhollúnú, ní hamháin i mBaile Locha Riach, ach in Oirthear an chontae uilig.

Ar an oíche, beidh deis ag an bpobal eolas a fháil ar na hiarrachtaí an Ghaeilge a neartú i mBaile Locha Riach go dtí seo, deis casadh le daoine, agus deis a bheith rannpháirteach i dtionscadail Ghaeilge Locha Riach. Chomh maith leis sin, beidh plé againn ar thodhchaí an Phlean Teanga.

Bígí linn dár dtionól ar an Déardaoin 23 Eanáir ó 7:30in go dtí 8:30in san Ionad Acmhainní Teaghlaigh agus do CCB Ghaeilge Locha Riach ina dhiaidh sin, a bhéas ar siúl san ionad céanna ó 8:30in ar aghaidh. Fáilte roimh chuile dhuine idir Gaeilgeoirí agus Béarlóirí agus beidh sóláistí curtha ar fáil.