Beidh muid ag tabhairt cuairt ar Stáisiún na nGardaí (H91 F62K) Dé Domhnaigh 12 Márta 2023 ag a 12.00.
Beidh deis ag na teaghlaigh carr, gluaisrothar agus gnáth-rothar Garda a fheiceáil, turas a fháil chuig an Oifig Phoiblí chun na ceamaraí a fheiceáil agus éadaí na nGardaí a fheiceáil (hata, crios, glas láimh srl). Chomh maith leis sin, taispeánfar do na páistí conas méarlorg a dhéanamh ar pháipéar, agus tabharfar deis dóibh pictiúr a fháil le hata Garda orthu.

Is ócáid teaghlaigh atá anseo atá eagraithe ag Teanga Tí agus Gaeilge Locha Riach. Beidh na spásanna teoranta agus is gá clárú roimh ré trí an fhoirm seo thíos a líonadh.