Beidh Seó Puipéad le Little Gem Puppets ar siúl Dé Sathairn 28 Eanáir, i nGaelscoil Riabhach.
Is seó idirghníomhach é seo agus beidh sé lán le spraoi! Beidh sé feiliúnach do pháistí suas go dtí 10 mbliana d'aois, ach ar ndóigh, beidh fáilte roimh chuile aoisghrúpa!

Is iad Gaeilge Locha Riach agus Teanga Tí atá ag eagrú an tseó seo, agus tá sé saor in aisce, ach go bhfuil sé riachtanach clárú roimh ré trí an fhoirm seo thíos a líonadh.