Ranganna Ióga do Dhéagóirí

Cuirfear deich rang ióga do dhéagóirí ar fáil i 2024 ag tosú ar Máirt 20ú Feabhra agus ag leanúint ar aghaidh go dtí 7ú Bealtaine. Beidh na ranganna ar siúl ó 6:00in go dtí 7:00in san Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhaile Locha Riach. Tá na ranganna seo iomlán dírithe ar dhéagóirí: staidiúir ióga, análaithe chun déileáil le strus, bealaí chun gortaithe spóirt a laghdú agus aclaíocht den scoth.

Má tá suim agat/ag do pháiste a bheith linn, is gá clárú trí an fhoirm thíos a líonadh. Beidh na ranganna seo á reáchtáil go dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla agus tá fáilte roimh chách.

Image

Tá na ranganna seo saor in aisce agus mar gheall nach bhfuil ach líon teoranta spásanna ar fáil beidh tús áite tugtha do na daoine a chláraíonn ar dtús.

Tá sé riachtanach clárú roimh ré, trí an fhoirm seo thíos a líonadh.







    Ar mhaith leat go gcoinneodh muid ar an eolas tú faoi imeachtaí eile a bheas ar siúl ag Gaeilge Locha Riach?