Ag Caint Agus Ag Gabháil Fhionn: le Lillis Ó Laoire agus Róisín Seoighe

22 Meán Fhómhair 7:00i.n - Leabharlann Bhaile Locha Riach H62 EV61

Beidh an tOllamh Lillis Ó Laoire (Ollscoil na Gaillimhe) agus an ceoltóir aitheanta Róisín Seoighe linn i mbliana chun ceiliúradh dátheangach a dhéanamh ar amhránaíocht ar an sean-nós, an ceol traidisiúnta, agus ár gcultúr Gaelach mar chuid de mhórcheiliúradh Oíche Chultúir, 2023.

Is amhránaí aitheanta as Tír Chonall ó dhúchas é Lillis a bhuaigh Corn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna sa mbliain 1994. Ní hamháin é sin ach tá clú agus cáil bainte amach ag Lillis thar na blianta mar bhéaloideasóir, mar oideoir, mar thaighdeoir, agus mar scríbhneoir chomh maith.

Is ceoltóir, cumadóir, amhránaí agus damhsóir í Róisín Seoighe as Conamara i gContae na Gaillimhe. Thosaigh Róisín amach sa saol mar amhránaí ar an sean nós agus cloistear gnéithe den stíl amhránaíochta seo sna seánraí difriúla dá cuid ceoil fós. Tá sé mar aidhm ag Róisín stíleanna difriúla ceoil a mheascadh le chéile ar bhealach nach bhfuil cloiste riamh cheana, go háirithe as Gaeilge.

Tugann Gaeilge Locha Riach cuireadh daoibh uilig a bheith linn don oíche fhíorspeisialta seo i Leabharlann Bhaile Locha Riach.

Ticéidí ar fáil anseo.

Image