Litríocht agus Leabhair: Caint leis An Mangaire Siúlach Seán Mac Labhraí
12 Márta 3:00i.n - Oifig Ghaeilge Locha Riach H62 C860
Beidh an Mangaire Siúlach, Seán Mac Labhraí, ag teacht chun cuairt a thabhairt orainn san oifig i mBaile Locha Riach chun píosa cainte a dhéanamh faoina phaisean, leabhair agus litríocht. Caint bheag neamhfhoirmeálta a bheas i gceist leis an gcaint seo ina ndéanfaidh Seán cur síos ar a chaitheamh aimsire mar mhangaire leabhair. Bíonn spéis ag Seán in úrscéalta, gearrscéalta, filíocht i ngach canúint, saothar na nUltach, leabhair don fhoghlaimeoir, leabhair do pháistí, stair, scoláireacht, seanchas, béaloideas, agus na seanaistriúcháin a rinne an Gúm. Beidh deis ag an lucht freastail cúpla leabhar a cheannach óna bhailiúchán i ndiaidh na cainte.

