Coiste Ghaeilge Locha Riach

An Coiste

Is í Gaeilge Locha Riach eagraíocht Gaeilge a fheidhmíonn chun na Gaeilge agus saol na nGael a chur chun cinn i mBaile Locha Riach, chomh maith le hOirthear Chontae na Gaillimhe.

Tá Líonra Gaeilge buanithe i mBaile Locha Riach le cúpla bliain anuas. Is éard atá i gceist le Líonra Gaeilge ná ceantar ina bhfuil mais chriticiúil bainte amach aige maidir le tacaíocht phobail agus stáit don teanga, agus ceantar ina bhfuil plean teanga i bhfeidhm.

Tá sé ríthábhachtach go bhfuil coiste láidir ag an eagraíocht chun na spriocanna atá sa bplean a bhaint amach i bpáirtíocht le pobal Bhaile Locha Riach/Oirthear na Gaillimhe sa gcaoi go mbeidh úinéireacht na Gaeilge sa gceantar leathnaithe amach chomh fada agus is féidir. Chun an sprioc seo a bhaint amach tá Gaeilge Locha Riach ag lorg daoine le bheith páirteach ar Choiste Ghaeilge Locha Riach.

Má tá Gaeilge agat agus má tá suim agat páirt a ghlacadh i gcur chun cinn na Gaeilge sa gceantar is féidir leat do spéis a léiriú, nó breis eolas a fháil, tríd an bhfoirm thíos a líonadh isteach:






    Ar mhaith leat go gcoinneodh muid ar an eolas tú faoi imeachtaí eile a bheas ar siúl ag Gaeilge Locha Riach?