Club Léitheoireachta do dhéagóirí

Ba mhaith le Gaeilge Locha Riach Club Léitheoireachta a bhunú, a bheadh dírithe ar dhéagóirí atá ag foghlaim na Gaeilge.

Bheadh an club seo ag buaileadh lena chéile chuile thrathnóna Dé Luain ag 5 i.n. in oifig Ghaeilge Locha Riach, agus bheadh caibidlí ó leabhair Ghaeilge á léamh le chéile agus á phlé.

Mar gheall gur dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge a bheas an club seo, ní bheidh na leabhair Ghaeilge ró-dheacair agus beidh siad feiliúnach don leibhéal Gaeilge atá ag chuile dhuine sa gclub.
Má bhíonn suim ag a dhóthain déagóirí sa gclub seo, cuirfidh muid tús leis sna seachtainí amach romhainn. Mar sin, dá mbeadh suim agat ann, déan teagmháil linn, nó líon isteach an fhoirm seo thíos:





    Ar mhaith leat go gcoinneodh muid ar an eolas tú faoi imeachtaí eile a bheas ar siúl ag Gaeilge Locha Riach?