Ciorcal Amhránaíochta

Image

Beidh ciorcal amhránaíochta ar siúl ó 7:30in go dtí 8:30in ar an 3ú Mí na Bealtaine i Morrisseys, Baile Locha Riach [H62 C795]. Is ciorcal neamhfhoirmiúil amhránaíochta é seo, a dhíríonn isteach ar na hamhráin dhúchasacha Gaeilge atá ar fáil sa leabhar Abair Amhráin. Cuirfidh Gaeilge Locha Riach cúpla cóip don leabhar ar fáil ar an oíche.

Is deis iontach í seo chun Gaeilge a labhairt, a chasadh, agus a fhoghlaim ar bhealach difriúla. Chomh maith leis sin, is imeacht saor in aisce é seo agus tá míle fáilte roimh chuile dhuine.