Campa Spraoi Locha Riach

8 August, 2022 | 09:00am | Gaelscoil Riabhach, Baile Locha Riach
Beidh Campa Spraoi Locha Riach ar siúl ó 14 - 18 Lúnasa i nGaelscoil Riabhach, agus bíonn an campa seo feiliúnach do pháistí ó 3 - 6 bliana d'aois.

Beidh neart gníomhaíochtaí ar siúl sa gcampa seo, idir ceol, amhránaíocht, damhsa, spórt, ealaín, agus neart eile! Mar is iondúil, beidh na campaí á reáchtáil trí mheán na Gaeilge.

Cuir na dátaí i do dhialann agus coinnigh súil amach ar an leathanach seo agus ar ár gcuid meáin shóisialta toisc go mbeidh muid ag roinnt sonraí maidir le clárúchán faoi cheann cúpla seachtain.